Yu Ming is Ainm Dom 2

Worksheet by Therese Cosgrove
Yu Ming is Ainm Dom 2 worksheet preview image
Language
ENG
Assignments
22 classrooms used this worksheet

Déan meaitseáil idir an Ghaeilge agus an Bhéarla Baile Átha Cliath Dublin teach tábhairne a pub ní thuigeann sé he does not understand ábalta able siopa grósaera grocery shop go hÉirinn to Ireland foghlaimíonn sé he learns cruinneog globe ríméad joy leadrán boredom sa tSín in China Bain úsáid as na focail thuas chun na habairtí thíos a chríochnú. (Use the words above to complete the sentences below): 1. Nílim ábalta mata a dhéanamh!2. Foghlaimíonn na daltaí Gaeilge le Ms Cahill.3. Bhí Yu Ming ag obair sa siopa grósaera.4. Úsáidimid cruinneog sa rang tíreolaíochta.5. Cónaíonn mo chairde i Meiriceá ach tagann siad go hÉirinn ar laethanta saoire go minic.6. Cuireann sé ceist ar an múinteoir sa rang mar ní thuigeann sé an t-ábhar.7. Ní maith liom an rang staire, bíonn leadrán orm.8. Fuair mé a lán bronntanas do mo bhreithlá agus bhí ríméad orm! Líon na bearnaí leis na focail thíos. Tá an scannán seo suite sa tSín. Tá Yu Ming ag obair i siopa grósaera agus níl sé sásta. Tá leadrán air sa tSín. Casann sé cruinneog agus leagann sé a mhéar ar Éire. Téann sé go dtí an leabharlann agus foghlaimíonn sé faoi Éire. Foghlaimíonn sé Gaeilge agus cúpla mí ina dhiaidh sin, téann sé go hÉirinn. Nuair a shroicheann sé Baile Átha Cliath, ní thuigeann aon duine é. Ceapann sé go bhfuil a chuid Gaeilge go dona. Itheann sé dinnéar i mbialann sa tráthnóna, ach níl sé ábalta forc agus scian a úsáid. Tá brón an domhain air.An lá dar gcionn, téann sé ag lorg oibre i dteach tábhairne. Ní thuigeann an fear beáir é, ach tosaíonn custaiméir ag labhairt le Yu Ming. Tá Gaeilge aige! Tá áthas an domhain ar Yu Ming! Paddy is ainm don chustaiméir. Insíonn sé do Yu Ming nach labhraítear an Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Insíonn sé do Yu Ming faoin nGaeltacht, agus deir sé leis go labhraíonn gach duine sa Ghaeltacht an Ghaeilge. Ag deireadh an scannáin, feicimid Yu Ming ag obair i dteach tábhairne i gConamara. Tá sé ag labhairt Gaeilge leis na custaiméirí agus tá ríméad air.

Use This Worksheet