Fluent Dysphasia (GearrscannÁn)

Worksheet by Gemma Ní Bhroin
Fluent Dysphasia (GearrscannÁn) worksheet preview image
Subjects
Arts
Grades
9
Language
ENG
Assignments
9 classrooms used this worksheet

Analyze film techniques and their emotional impact with this engaging short film worksheet!

Féach ar an ngearrscannán ar dtús, muna bhfuil sé feicthe agat ar a laghad 2 uair cheana féin. Meaitseáil na seatanna scáileáin leis na mothúcháin atá á dtaispeáint iontu Aimsigh na mothúcháin sa liosta seo thíos ag www.teanglann.ie ar dtús. Brón Lúcháir Eagla Frustrachas Mearbhall Díchreideamh Lagmhisneach Amhras Líon na bearnaí Theastaigh cabhair ó iníon Murph leis an obair bhaile Gaeilge. Dúirt Murphy nach raibh focal aige sa teanga sin agus d'fhág sé an teach chun breathnú ar chluiche peile sa teach tabhairne. An mhaidin dar gcionn, tar éis dó friochadh a chócaireáil dó féin, freagraíonn Murphy an guthán, ach bíonn díchreideamh air nuair a thugann sé faoi dheara go bhfuil Gaeilge á labhairt aige. Ceannaíonn sé ticéad chun dul agus a chara Seán a fheiceáil, ach nuair a shroicheann sé teach Sheáin, ní féidir leo a chéile a thuiscint. Bíonn eagla agus imní ar Sheán, agus labhraíonn sé le Murph tríd an bosca litreach. Cuireann sé an crosóg naofa amach tríd an bosca, mar go dtuigeann sé go bhfuil rud éigin aisteach ag tarlú lena chara. Bíonn Murph in ísle brí nuair a fhilleann sé abhaile, ach geallann a iníon dó go gcabhródh sí leis. Déanann sí iarracht Béarla a mhúineadh dó, ach tagann fearg air agus éiríonn sé as. Tá lagmhisneach ar an mbeirt acu sa chistin, ach tagann Seán ar cuairt. Chabhraigh a nia leis sliocht i nGaeilge a ullmhú. Léann sé amach é, ag míniú gur bhuail Murph a cheann, agus gurb é an réiteach ar an scéal ná a cheann a bhualadh in athuair. Buaileann an iníon é faoi dhó, agus nuair a dhúisíonn sé, níl Gaeilge á labhairt aige níos mó. Faraor, labhraíonn sé i bhFraincis! Úsáidtear 3 theicníocht sa scannán seo, ach go háirithe.1. Taispeántar an scannán ar fad le dath gorm mar scagaire (filter) chun atmaisféar dorcha, gruaimeach a chur in iúl don lucht féachana.2. Úsáidtear fuaimrian cheoil drámatúil ag pointí i rith an scannáin freisin, chun teannas a chruthú.3. Déantar garamhairc (closeup) mí-nádúrtha ag pointí ina bhfuil carachtar trína chéile.**Roghnaigh an teicníocht is éifeachtúla, dar leat, agus mínigh cén éifeacht a bhí aige ort (cad a cheap tú mhothaigh tú). Déan sampla amháin sa ghearrscannán a lua mar thacaíocht ar do phointe (m.sh. 'nuair a chualamar...' 'ag an bpointe inar tharla...' 'sa radharc ina chonaiceamar...')

film studies media literacy visual arts
Use This Worksheet